Fáilte chuig suíomh gréasáin Eaglais na hÉireann/Deoise Anglacánach Thuama, Luimnigh agus Chill Lua. Tá súil againn go bhfaighidh tú go leor spéise anseo maidir lenár n-adhradh, ár bhfinnéithe, ár stair agus ár gcomhthéacs geografach.

Is deoise réasúnta ‘nua’ muid, atá cumraithe ina foirm reatha chomh déanaí le 2021. Clúdaímid thart ar aon trian d’oileán na hÉireann, le ceantair de Lár na Tíre, san Iarthar agus san Iardheisceart agus go háirithe cósta iontach Shlí an Atlantaigh Fhiáin thar an achar fada ó Chiarraí Theas go dtí imeall Chontae Shligigh.

Tá an ceantar lán le háilleacht nádúrtha, daoine croíúla, agus éagsúlacht mhór gníomhaíochtaí daonna ó thalmhaíocht go tionscal ardteicneolaíochta go turasóireacht go hionaid ardoideachais flúirseach. Cuimsíonn ár ndeoise cathracha stairiúla Luimnigh agus na Gaillimhe.

Go stairiúil, tá Anglacánaigh tanaí go leor ar an talamh i gcuid mhaith dár gceantar ach is áiteanna bríomhara iad ár nócha eaglais nó mar sin ina bhfaigheann daoine de chúlraí éagsúla agus go leor traidisiúin reiligiúnacha fáilte agus an spás a theastaíonn uathu chun urnaí agus síocháin a lorg. Cuirimid ár n-iarrachtaí go léir i gcomhthéacs éacúiméineach níos leithne agus déanaimid iarracht ár rannchuidiú sainiúil féin a dhéanamh leis an taipéis shaibhir chreidimh agus smaointeoireachta atá tréithrithe d’Éirinn an lae inniu.

Tá súil againn go bhfaighidh tú rud éigin a tharraingeoidh d’aird ar na leathanaigh seo. Níos mó fós tá súil againn go dtiocfaidh tú inár measc go pearsanta ionas gur féidir linn a shaibhriú le do láithreacht agus gur féidir leat rud éigin dár spioradáltacht agus ár gcomhluadar a roinnt. Bíodh sé ar líne nó duine le duine, cuirimid an bheannacht Eocairisteach chuibh: ‘Síocháin an Tiarna libh i gcónaí’.

Agus ba bhreá linn do chuid tuairimí a fháil maidir leis an suíomh seo agus lenár ngníomhaíochtaí éagsúla. Is minic gurb é súil an chuairteora a osclaíonn ár súile féin do na rudaí a theastaíonn uainn a fheiceáil i ndáiríre. Mar sin, blas agus féach le do thoil… agus coinnigh sinn i do chuid paidreacha.

Translation:-
Dr Rita Kelly
Oifigeach Forbartha
Cumann Gaelach na hEaglaise

bishop.jpg
TLK logo